Thursday, March 21, 2013

The Gathering 2013, Gathering, Tourism Ireland, Gathering events, what is the gathering Ireland, Irish tourism, Irish festivals 2013, music festivals 2013, gathering accommodation

The Gathering 2013, Gathering, Tourism Ireland, Gathering events, what is the gathering Ireland, Irish tourism, Irish festivals 2013, music festivals 2013, gathering accommodation

Trinity College Dublin
Trinity College Dublin

Throughout 2013, Ireland is opening its arms to hundreds of thousands of friends and family from all over the world, calling them home to gatherings in villages, towns and cities.

 There are clan gatherings, festivals, special sporting events, music and concerts taking place all across the country, all year long.

Communities throughout Ireland are showcasing and sharing the very best of Irish culture, tradition, business, sport, fighting spirit and the uniquely Irish sense of fun.


Over 70 million people worldwide claim Irish ancestry. The Gathering Ireland 2013 provides the perfect excuse to reach out to those who have moved away, their relatives, friends and descendants, and invite them home.

The Gathering is the people’s party. It kicked off in spectacular style at the New Year’s Eve Festival in Dublin and is being celebrated through gatherings of the people and Ireland’s major festivals during 2013.

So now it is over to you. It is in your hands. Be part of it.

FAQs / Ceisteanna Coitianta

What is The Gathering Ireland?

The Gathering Ireland is not one single event. It’s an exciting year-long celebration of Ireland, its people and all that is great about its connections, both at home and abroad. The Gathering Ireland invites anyone who has a link to Ireland or just a love of the country, to come to Ireland for a series of events throughout 2013.


Who is behind it?

The Gathering Ireland was launched by the Irish Taoiseach, Tánaiste and Minister for Tourism in May 2012 and is being supported by Fáilte Ireland and Tourism Ireland. It promises to be the biggest tourism initiative ever staged in Ireland.

Aren’t the people of Ireland being encouraged to get involved too?

Yes. At the heart of it, The Gathering Ireland is a people-led project. Everyone is being encouraged to create local gatherings and invite connections abroad to come and visit Ireland in 2013.

Why should I bother?

Ireland has had its share of doom and gloom the last couple of years. The Gathering is an opportunity to do something positive for our country and help stimulate local industries. More importantly, it’s an excuse to host parties, festivals and celebrations!


When is it happening?

Right now and all throughout 2013. Check out the calendar of events on www.TheGatheringIreland.com to see what’s on.

Where is The Gathering happening?

All over Ireland – check out the map to see specific locations.

What kinds of events are happening?

There’s lots going on, but there are two main types of events:

1. Gatherings

These are being hosted by the people of Ireland. A gathering can be as little as you inviting back an old school friend to visit Ireland in 2013, or your local GAA club asking Toronto GAA to come over for a match.

2. Festivals and events

The Gathering Ireland will bring together hundreds of festivals and events throughout Ireland that celebrate the best in Irish music, art, literature, dance, culture, heritage, sport, film and food. The Gathering Ireland’s first sponsorship was The Emerald Isle Classic, an American football bout between Notre Dame and Navy held in Dublin’s Aviva Stadium on September 1st.


Top tip! www.TheGatheringIreland.com will be a hub of info that pulls together festivals and events throughout Ireland in 2013. It’s a great resource if you simply want to know what’s going on and when.
Will there be any new festivals and events for The Gathering Ireland, or will it be the same as every other year?

Ireland has always been great for festivals, but 2013 is going to be bigger and better. Existing festivals like St Patrick’s Festival and New Year’s Eve Dublin will have a few surprising, international twists, plus The Gathering team is also working to create a number of signature themed event programmes – all based around what Ireland is famous for like literature and music.

I live in Ireland, how can I get involved?

Think about who you’d like to invite to Ireland in 2013 and what you’d like to do. This will totally depend on your own interests and it can be as simple as setting up a Facebook event and hosting a family reunion or challenging an overseas company you deal with to come over for a five-a-side football tournament. Whatever you’re into, centre your gathering around it.

If you tell us about your event on our site, The Gathering team can offer you support and guidance. Even if it’s just a seed of an idea, we can help flesh it out!

I don’t live in Ireland, how can I get involved?

Whether visiting Ireland is on your bucket list or you’ve been before and always wanted to return, why not make 2013 your year to visit?

Maybe you have an Irish name or relative? Or you enjoy taking part in an Irish hobby? Maybe you’ve studied or worked in Ireland or maybe you simply love the music or literature? 2013 is the perfect year to come to Ireland and experience the céad míle fáilte (one hundred thousand welcomes) that the Irish are famous for.


Take a look at www.TheGatheringIreland.com and see if any gatherings or festivals match your interests. Like soul music? Time your visit to coincide with Dublin City Soul Festival. Love running? Why not take part in the Great Ireland Run? It’s totally up to you!

Families and clans are meeting all over the country and Ireland’s favourite festivals have developed exciting new programmes to help visitors truly be part of it. If you’re planning an event for 2013, plan on having it in Ireland.

The Gathering Ireland. Be part of it.

Céard é an leagan Gaeilge ar The Gathering Ireland 2013?

Tóstal Éireann 2013 an leagan oifigiúil Gaeilge atá ar The Gathering Ireland 2013.

Cé mar a tháinig an smaoineamh Tóstal Éireann 2013 chun cinn?

Tháinig an smaoineamh faoi Thóstal Éireann 2013 chun cinn ag an gcéad cheann d’Fhóraim Eacnamaíocha Éireannaigh an Domhain a tionóladh in Farmleigh sa bhliain 2009.  Ba é ba chuspóir le Fóram Eacnamaíoch Éireannaigh an Domhain ceangal a bhunú leis an 70 milliún duine de Dhiaspóra atá againn agus clár a chur le chéile a bhféadfaí leas a bhaint as ar mhaithe le téarnamh na hÉireann.  Cuirfidh Tóstal Éireann 2013 an dá chuspóir sin i gcrích.


Céard a bheidh i gceist le Tóstal Éireann 2013?

Is éard a bheidh i gceist le Tóstal Éireann 2013 go dtógfaidh muintir na hÉireann orthu féin cuireadh a thabhairt go hÉirinn do dhaoine a bhfuil baint acu leis an tír agus go gcuirfidh siad Fáilte Uí Cheallaigh rompu.

Is éard a bheidh i gceist iarraidh ar dhaoine a bhfuil fuil Éireannach ina gcuislí, a bhfuil baint acu leis an tír nó fiú mura mbeadh ann ach luí a bheith acu leis an tír a bheith inár dteannta le linn sraith d’imeachtaí iontacha agus éagsúla a bheidh ar bun i gcaitheamh 2013 agus a bheidh eagraithe ag muintir  na tíre seo ina n-onóir.

Ceiliúradh gach a bhfuil fíorbhreá agus uathúil i dtaobh na tíre seo a bheidh ann agus muintir na hÉireann féin ina bpríomheagraithe air; ceiliúradh a mhairfidh ar feadh bliana agus nach raibh a shárú ann go dtí seo.

Is í 2013 an bhliain ina mbeidh bailte agus pobail ar fud na hÉireann oscailte fáilteach chun cinntiú gur fearrde fós an sásamh a bhainfidh cuairteoirí as a gcuairt.



Céard leis a mbeifear ag súil as Tóstal Éireann 2013?

Sa bhliain 2013 eagróidh pobail, sráidbhailte agus bailte ar fud fad na tíre féilte agus tóstail spleodracha go háitiúil le fáiltiú roimh dhaoine as gach cearn den domhan.  Féadfaidh lucht eagraithe a dtóstail a ghealladh ar www.thegatheringireland.com agus cuirfear an t-eolas ar na tóstail isteach faoi dheireadh ar léarscáil d’Éirinn áit ina n-aibhseofar é.

Beidh féilire lomlán d’imeachtaí náisiúnta agus idirnáisiúnta a bheidh ar siúl ar feadh na bliana agus ina ndíreofar ar chultúr, ceol, ealaíona, spóirt agus oidhreacht na hÉireann mar thacaíocht ag na féilte agus ag na tóstail áitiúla seo.

Táthar fós ag cur tuilleadh imeachtaí ar an bhféilire.  Tá siad seo a leanas ar na féilte seanbhunaithe a mbeidh cláir níos téagartha fós ag gabháil leo mar chuid de Thóstal Éireann 2013:

• Féile Oíche Chinn Bhliana
• Féile Lá ’le Pádraig
• Féile Ealaíon na Gaillimhe
• Córfhéile Chorcaí
• Seó Capall Bhaile Átha Cliath
• Bloom
• Féile Ceoldrámaíochta Loch Garman
• Trad Fest Bharra an Teampaill
Cuirfear líon áirithe d’fhéilte agus d’imeachtaí ar bun den chéad uair go heisiach le haghaidh an Tóstail. Táthar á bplé seo a leanas i láthair na huaire:
• Imeacht céaduaire Idirnáisiúnta de chuid CLG agus na cluichí ceannais ar siúl i bPáirc an Chrócaigh i mí Lúnasa.
• Féile Peile ina n-imreoidh clubanna agus peileadóirí as tíortha thar lear i gcluichí a eagrófar ar pháirceanna imeartha agus i staideanna thart timpeall na hÉireann.  Tá plé á dhéanamh freisin faoi chomórtas Chorn Domhanda an Diaspóra a imirt in Éirinn.
• Riverdance a thabhairt ar ais abhaile agus seó nua a bheith ann faoi stiúir John McColgan agus Moya Doherty.
• Tabharfaidh Féile Nollag agus Chinn Bhliana a bheidh níos iomláine agus a bheidh ar siúl ina lán ionad an bhliain chun críche go pléascarnach.

Gheofar an nuacht is déanaí i dtaobh imeachtaí atá deimhnithe ar www.thegatheringireland.com.
Cé a gheobhaidh cuireadh?

Tabharfaidh muintir na hÉireann cuireadh dá gcairde, dá ndaoine muinteartha agus dóibh siúd is ansa leo atá ina gcónaí thar lear teacht agus a bheith páirteach sna tóstail, sna himeachtaí agus sna féilte a eagrófar agus a chuirfear ar siúl go speisialta ina n-onóir.

Tabharfaidh Éireannaigh atá ina gcónaí thar lear cuireadh freisin dá gcairde, dá ndaoine muinteartha féin agus dá gcomhghleacaithe teacht go hÉirinn sa bhliain 2013.


Tá 70 milliún duine a rugadh in Éirinn, ar de bhunadh na hÉireann iad nó a bhfuil an spiorad Éireannach iontu scaipthe ar fud an domhain. Dá bhrí sin tabharfar cuireadh do dhaoine a bhfuil bá acu le hÉirinn nó a bhraitheann go bhfuil ceangal acu leis an tír mar gheall ar ghnó, oideachas nó luí a bheith acu leis an gcultúr nó leis an gceol Gaelach páirt a ghlacadh sa cheiliúradh in Éirinn in 2013.

Cén difríocht mar sin a bheidh idir 2013 agus blianta eile?

Bliain iontach go deo a bheidh sa bhliain 2013 in Éirinn.  Ní fhágfar aon duine ar lár lena mbeidh de thóstail agus d’imeachtaí áitiúla ann i dteannta féilte idirnáisiúnta, ceolchoirmeacha, etc. a eagrófar go speisialta in onóir ár nDiaspóra.

Deis uathúil ag cách a bheidh i dTóstal Éireann 2013 le bheith páirteach i dtionscnamh a bhainfidh leis an tír go léir agus a bheidh faoi stiúir na saoránach, tionscnamh trína ndéanfar teagmháil leis an diaspóra Éireannach atá scaipithe ó cheann ceann na cruinne d’fhonn iad a thabhairt abhaile i mbliain ina bhfeicfear an cineál ceiliúrtha bliana nach bhfacthas a shamhail riamh.  Deis againn go léir í lenár gcion a dhéanamh ionas go dtiocfaidh Éire i dtreis arís; le cionchuid shuntasach a dhéanamh ar mhaithe le téarnamh na tíre.


Is coincheap uathúil é coincheap Thóstal Éireann 2013, tóstal dá mhéid ní fhacthas in Éirinn riamh.
Céard iad na buntáistí a bheidh leis agus cé a bhainfidh tairbhe as?

Bainfidh gach duine tairbhe as Tóstal Éireann 2013.  Ceann de na cuspóirí atá leis mórtas as an tír a mhúscailt arís agus ardán agus deis a thabhairt do mhuintir na hÉireann agus dá diaspóra gach a bhfuil siad bródúil as a chur ar a súile dá gcairde, dá ndaoine muinteartha agus do na daoine is ansa leo.  Tabharfaidh sé seans d’Éireannaigh agus don diaspóra Éireannach caidreamh buanseasmhach a bhunú agus a bheith níos airdeallaí ar an tírdhreach, ar an gcultúr agus ar an tír.

Dá bharr, treiseofar íomhá na hÉireann an athuair mar thír a bhfuil sé de cháil uirthi a bheith oscailte agus go gcuirtear na céadta míle fáilte roimh chuairteoirí, ionas gur taithí ar leith nach mbeadh le fáil in aon tír eile ach amháin in Éirinn a gheofar.

Beidh sé d’aidhm le Tóstal Éireann 2013 caidreamh a bhunú idir Éirinn, a Diaspóra agus earnálacha eile gnó, trína leagfar síos bonn a bhféadfaidh Tourism Ireland agus Fáilte Ireland oibriú air agus é a neartú sna blianta seo chugainn.

Chuirfí an cuspóir i gcrích go náisiúnta dá dtiocfadh 325,000 cuairteoir sa bhreis go hÉirinn as tíortha thar lear agus dá nginfí €170 milliún sa bhreis in ioncam sa gheilleagar Éireannach sa bhliain 2013 agus dá gcruthófaí 2720 post nua.


B’fhéidir nárbh ionann na torthaí go háitiúil.

Is iomaí gné ag roinnt leis an tionscnamh seo agus ní mar a chéile a éireoidh le gach céim de ó ghlacadh a bheith leis go náisiúnta agus go háitiúil go dtí an líon r-chuirí a eiseofar, an líon imeachtaí a gheallfar agus an líon den Diaspóra a spreagfar chun an turas a thabhairt abhaile.

Tá an chumarsáid tosaithe cheana féin ar leathanaigh Facebook Thóstal Éireann 2013 agus bíonn daoine ag dul isteach ar an suíomh gréasáin. Tá daoine tar éis teagmháil a dhéanamh leis an bhFoireann Tionscadail agus lena chéile.


Cén chaoi a spreagfaimid daoine le bheith páirteach?

Tá an móiminteam agus an tacaíocht ag dul i dtreis.  Seoladh Tóstal Éireann 2013 go hidirnáisiúnta in 27 cathair agus cuireadh faoi bhráid 17,000 de lucht tionchair é ag 40 imeacht i gcaitheamh cheiliúradh Sheachtain Lá ’le Pádraig agus cuireadh faoi bhráid an tionscail turasóireachta é san.

Aibreán.  Seoladh an suíomh gréasáin nua go luath san Aibreán agus tá leathanaigh Facebook agus Twitter beo beathach.

Tionólfar cruinnithe pobail Thóstal Éireann 2013 ar fud na tíre ó Bhealtaine go Deireadh Fómhair agus beidh tacaí ar líne chun ugach a thabhairt don phobal cur le chéile, tacaíocht a thabhairt don tionscnamh agus páirt a ghlacadh ann.

Céard a dhéanfaidh an Fhoireann Tionscadail chun cuidiú le daoine a bheith páirteach?

Tionólfar cruinnithe i bpobail ar fud na tíre sa samhradh agus san fhómhar i mbliana agus cuirfear tacaí ar fáil ar líne.  Beidh ceardlanna ar siúl agus foilseofar treoracha ‘An chaoi le’ (An chaoi le himeacht a eagrú, An chaoi le maoiniú a fháil go háitiúil etc).  Soláthrófar r-chuirí agus póstaeir agus beidh teacht ag lucht eagraithe ar áis lena dtóstail a ghealladh ar www.thegatheringireland.com agus cuirfear an t-eolas ar na tóstail agus na himeachtaí go léir isteach faoi dheireadh ar léarscáil d’Éirinn
Cé atá ag tacú le Tóstal Éireann 2013?

Ní fhéadfar leas a bhaint as acmhainn uile Thóstal Éireann 2013 d’uireasa tacaíochta ó eagraíochtaí agus ó dhaoine aonair ar mór é a dtionchar agus ar as Éirinn iad nó a bhfuil baint acu leis an tír.


• Táthar tar éis ‘Comhairle Curadh’ a bhunú, comhairle dheonach ar a bhfuil daoine aonair a bhfuil stádas ar leith acu, a bhfuil teacht acu ar na líonraí, an saineolas agus an taithí a theastóidh chun an tacaíocht a fheidhmiú agus cur le cumas an Tóstail.  Áirítear leo sin:

¬ Moya Doherty (Léiritheoir agus comhbhunaitheoir Riverdance)
¬ Kingsley Aikens (sainchomhairleoir ar an diaspóra agus iar-POF, Worldwide Ireland Funds)
¬ Mark Mortell (Stiúrthóir, Fleishman Hillard International Communications, Baile Átha Cliath agus iarChomhairleoir d’Fhine Gael)
¬ Loretta Brennan Glucksman (Cathaoirleach, The American Ireland Fund)
• Tá líon áirithe Éireannach a bhfuil clú agus cáil orthu tar éis a dtacaíocht a ghealladh, daoine mar Pierce Brosnan, Liam Neeson  agus Paul O’Connell.


Tá eagraíochtaí comhpháirtíochta atá ag dul i líonmhaire ar bord anois lena n-áirítear:
• Cumann na mBainisteoirí Contae agus Cathrach thar ceann an 32 Údarás Áitiúil thart timpeall na hÉireann & Líonra Forbartha Áitiúla na hÉireann thar ceann an 52 cuideachta forbartha áitiúla,
• Gasóga na hÉireann, Cumann Comhlachas Tráchtála na hÉireann
• Bantracht na Tuaithe, Cumann Soláthróirí Bainne Uachtarlainne na hÉireann, Feirmeoirí Aontaithe na hÉireann
• Comhaltas Ceoltóirí Éireann, Conradh na Gaeilge, Ireland Reaching Out, an Teastas um Oidhreacht Éireannach,
• Comhairle Spóirt na hÉireann, Cumann Rugbaí na hÉireann, Cumann Peile na hÉireann, Cumann Lúthchleas Gael, Rásaíocht Capall Éireann
• Google, Facebook, Microsoft, Hewlett Packard, KPMG, PwC
• Cónaidhm Óstán na hÉireann, The Doyle Collection, Óstáin Manor House na hÉireann, Cumann

Tionscnóirí Turas na hÉireann, Cumann Bialann na hÉireann, Leaba agus Bricfeasta na hÉireann, Coláiste na Naomh Uile, Cónaidhm Fhíoncheananithe na hÉireann agus Dea-bhia Éireann.


Cé mar a fhéadfaidh daoine in Éirinn a bheith rannpháirteach?

Tionscadal de chuid na ndaoine is ea Tóstal Éireann 2013.   Baineann sé leatsa, le do mhuintir, do chomharsana, do chumann spóirt, do choláiste – le fírinnne, le cibé pobal nó grúpa a bhfuil tú ann  – agus sibh go léir ag tabhairt faoi imeachtaí speisialta a bheartú a tharraingeoidh aird ar na tréithe fíorbhreátha atá ag roinnt leis an bpobal sin agus le hÉirinn san iomlán.

Is iomaí slí sin ann le bheith rannpháirteach; b’fhéidir go bhféadfaí teacht  le chéile clainne nó treibhe, cruinnithe iarscoláirí nó comhghleacaithe oibre, comórtais spóirt, imeachtaí ceiliúrtha sa phobal nó imeachtaí gnó a eagrú.

Tá Tóstal Éireann 2013 ag iarraidh a chinntiú go n-inseoidh gach duine dá ndaoine muinteartha, dá gcairde agus do na teagmhálaithe atá acu gurb í 2013 an bhliain is fearr le teacht go hÉirinn le bheith páirteach i gceiliúradh gach a bhfuil fíorbhreá sa tír seo.


Cé mar a fhéadfaidh daoine atá thar lear a bheith rannpháirteach?

Teastaíonn uainn go n-inseoidh gach duine do dhaoine muinteartha, do chairde agus do theagmhálaithe atá acu cibé an trí ghnó, cumainn, clubanna nó go sóisialta gurb é seo an t-am le bheith ag pleanáil don bhliain 2013, an bhliain le cuairt a thabhairt ar Éirinn nó teacht abhaile.

Más féidir leat do thionchar a imirt ionas go dtiocfaidh club go hÉirinn, go mbeidh cruinniú, comhdháil nó aon chineál eile d’imeacht, is cuma a mhéid ná a laghad, ar siúl in Éirinn, beidh cuidiú le fáil agat uainn i bhfoirm uirlisí agus tacaí ar líne. Teastaíonn uainn go n-iarrfaidh tú ar do líonraí an focal faoi Thóstal Éireann 2013 a scaipeadh ionas go mbeidh sé i mbéal an phobail!

Deis uathúil a bheidh i dTóstal Éireann 2013 agat le suim a chur i do dhúchas an athuair. Deis é le do chion a dhéanamh le dúshraith do thodhchaí níos treisiúla a leagan d’Éirinn, todhchaí do do thír dhúchais a mbeidh do lorg uirthi go deo. Ní bliain í a shárófar ó thaobh deis a bheith ann an teagmháil a dhéanamh an athuair nó fiú dul i dtaithí den chéad uair ar a bhfuil de nithe fíorbhreátha sa tír iontach seo againn.

Cé mar a fhéadfaidh Gnólachtaí Turasóireachta Thar Lear a bheith rannpháirteach?

Táthar ag iarraidh ar ghnólachtaí turasóireachta thar lear leas a bhaint as an mbranda, an focal a scaipeadh agus cuireadh a thabhairt dá gcliaint páirt a ghlacadh sa cheiliúradh sa bhliain 2013.  Bheadh buntáiste le baint acu as trí shocruithe ar an talamh a éascú don lucht eagraíochta sin atá lonnaithe thar lear a eagraíonn imeachtaí agus/nó pacáistí nua a chur le chéile bainteach le himeachtaí agus tionóil idirnáisiúnta.



Céard a fhéadfaidh tú a dhéanamh anois mar sin?

1) Tosú ag comhrá le do dhaoine muinteartha agus le do chairde agus iad a chur ar an eolas faoin Tóstal. Féadfaidh gach uile dhuine páirt a ghlacadh ann!
2) Tosú ag cuimhneamh ar na rudaí is féidir leat a dhéanamh.
3) Bheith ar an airdeall le go bhfaighidh tú amach cén uair a mbeidh Cruinniú Pobail do Thóstail ar siúl agus dul ann.
4) Dul isteach ar ár suíomh gréasáin www.thegatheringireland.com agus clárú don nuacht is déanaí.  Seolfar suíomh gréasáin níos mó agus níos fearr i lár an Aibreáin agus beidh foireann uirlisí agus tacaí air don tionscal: uirlisí margaíochta; cur chun cinn ar líne; treoracha ‘cén chaoi’ agus sainchomhairle.
5) Muid a leanúint ar Facebook, sásamh a bhaint as ár leathanach agus inseacht do do chairde faoi  www.facebook.com/thegatheringireland
6) Muid a leanúint ar Twitter www.twitter.com/gatheringIRL
7) Féachaint ar an bhfíseán nua atá againn www.youtube.com/gathering2013 agus a bheith ag faire amach don fhógra spreagúil teilifíse – mar is fógra fíorspeisialta a bheidh ann.

Murder of Sophie Tuscan Du Plantier by Vincent McKenna

Murder of Sophie Tuscan Du Plantier by Vincent McKenna Introduction and Key Events On the 23 December, 1996, when 39-year-old French wom...